Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
D’imigh Seosamh é féin amach go dtí an Lagán ag 14 bliana. D’fhág a athair ar an tSrath Bán é ag an aonach. Tugadh go Newtownstewart é, bhí teach mór ansin agus dhá sheanfhear a bhí agus feirm acu. Cur síos ar an obair a rinne sé agus a am ansin. Ina dhiaidh sin chuaigh sé go hAlbain ag na préataí. D’imigh scaifte acu agus cur síos ar sin. Ag imeacht ar an bhád ó Dhoire go Stranraer agus leoraí ag fanacht ansin leo, nuair a shroich siad Albain. An obair a bhí le deanamh aige agus an pá a bhí aaige (£3-10/-). Bhí a dheartháir agus a dheirfiúr níós óige leis fosta. Bhí obair chrua go leor le déanamh acu. Chaith siad dhá shéasúr ag déanamh sin, bhí siad sa bhaile i rith an gheimhridh. | 00:06:05 | |
Bhíodh a athair ag margadh le heallach. Paddy Joe Gill ab ainm dona athair. Cur síos ar seo, théadh a athair go Árainn agus thart fríd an chontae ag ceannacht eallaigh. In 1948, chuaigh siad a chónaí ar na Gleannta agus cheannaigh a athair leoraí. Bhí léir oibre leis an eallach. Bhí an obair míshásta go leor nuair a bhí siad a dtabhairt as Árainn Mór agus bhí timpiste acu lá amháin nuair a bhí an fharraige garbh. Théadh siad an aonaigh ansin. | 00:04:08 | |
Tá athrach mór tagtha ar an tsaol le linn a shaoil. Níl eallach ag daoine anois an dóigh a bhí sa tsean am, níl aonaigh ach tithe móra agus carranna móra, níl a fhios aige caidé an dóigh atá siad ábalta díol ar a son. | 00:01:21 | |